Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 6:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cá ndeachaigh do ghrá uait,a phlúr na mban,cén treo a d'iompaigh do ghrá,agus lorgfaimid leat é?

2. Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,go ceapacha na spíosraí,lena thréad a chur ar féarachagus blátha a chruinniú.

3. Le mo ghrása mise,agus liomsa mo ghrá;i measc na mbláthannachuir sé a thréad.

4. Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,breá mar Iarúsailéim,chomh huafar le cathshlua.

5. Iompaigh uaim do shúile,nó sáróidh tú mé leo.Folt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.

6. D'fhiacla mar thréad caorachaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caora,gan caora díobh seasc.

Léigh chaibidil críochnaithe Laoi Na Laoithe 6