5. D'éiríos féingo n‑osclóinn do mo ghrá.Bhain miorr fliuch le mo láimh,fíormhiorr le mo mhéar,ó bhacán an ghlais.
6. D'osclaíos do mo ghrá- bhí mo ghrá imithe;bhain sin an t‑anam asam.Loirg mé é agus ní bhfuair,ghlaoigh - níor fhreagair sé.
7. Theagmhaigh liom na gardaíar a gcuairteanna tríd an mbaile.Bhuail siad mé, agus ghoin,srac siad díom mo bhrat,lucht faire an bhaile.
8. Achainím oraibh,a iníona Iarúsailéim,má fhaigheann sibh mo ghrá -cad a inseoidh sibh dó uaimse?Go bhfuil galar an ghrá orm.
9. Cad iad buanna do ghrá-sa,a phlúr na mban.Cad iad buanna do ghrá-sago n‑iarrann tú an achainí sin orainn?
10. Dearg agus bán do mo ghrá;d'aithneófá i measc mílte é.
11. A cheann mar ór leáite,a dhlaoithe mar an phailm,chomh dubh leis an bhfiach.
12. A shúile mar an colmar bhéal coire uisceá ní féin as bainnei [gCoire na Mara].
13. A ghiall mar spíosraí,ceapach luibheanna cumhra.A bheola mar bhláthanna,ag sileadh mirr chumhra.
14. Buinní óir ar a lámhago n‑iliomad flannchloch.A chabhail mar an t‑éabann bán,agus í breac le saifírí.
15. Galláin mharmair a chosaar fhothaí óir ag seasamh.Cosúil é leis an Liobáin,togha na gcrann céadrais.
16. Is é an binneas a fhriotal,is mealltacht é uile.Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,a iníona Iarúsailéim.