Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Laoi Na Laoithe 5:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Dearg agus bán do mo ghrá;d'aithneófá i measc mílte é.

11. A cheann mar ór leáite,a dhlaoithe mar an phailm,chomh dubh leis an bhfiach.

12. A shúile mar an colmar bhéal coire uisceá ní féin as bainnei [gCoire na Mara].

13. A ghiall mar spíosraí,ceapach luibheanna cumhra.A bheola mar bhláthanna,ag sileadh mirr chumhra.

14. Buinní óir ar a lámhago n‑iliomad flannchloch.A chabhail mar an t‑éabann bán,agus í breac le saifírí.

15. Galláin mharmair a chosaar fhothaí óir ag seasamh.Cosúil é leis an Liobáin,togha na gcrann céadrais.

16. Is é an binneas a fhriotal,is mealltacht é uile.Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,a iníona Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe Laoi Na Laoithe 5