“Féach na hAsaírigh seo i mbarr a mustair - iad ag maíomh as a bhfuil de chapaill agus de mharcaigh acu, agus ag déanamh mórtais as neart a gcoisithe. An sciath is an tsleá is an bogha is an crann tabhaill is ábhar muiníne dóibh, mar tá siad dall air seo - gur tusa an Tiarna a chuireann cogaí faoi do chois.