Ní ionann do neartsa agus neart na sluaite; ní cumas gaiscíoch do chumas-sa. Ní hea - tusa Dia na mbochtán, agus cosantóir a bhfuil faoin mbráca, agus taca na lag; is tú tearmann a bhfágtar gan chabhair agus slánaitheoir a mbíonn gan dóchas.”