Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 8:27-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”

28. Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.

29. Ná ní inniu a tháinig an chiall amach ionat; riamh ó laethanta d'óige d'aithníodh an pobal ar fad an tuiscint a bhí agat, agus an croí geal ina theannta.

30. Ach bhí na daoine spallta leis an tart, an dtuigeann tú, agus chuireadar iallach orainn déanamh mar a bhí ráite againn leo, fiú, mionn a thabhairt, mionn nach bhféadfaimid dul siar air anois.

31. Guigh ar ár son, ó tá an chráifeacht ionat. Tá seans go gcuirfidh an Tiarna tuile bháistí chugainn a líonfaidh na sistéil dúinn agus go mbeidh deireadh lenár laigíocht.”

32. “Éistigí liom anois,” arsa Iúidit leo. “Táimse chun gníomh a dhéanamh a bheidh á insint d'aos óg ár gcine ó ghluin go glúin.

33. Bígíse ag an ngeata anocht. Rachadsa amach agus mo bhanseirbhíseach le mo chois. Ghlac sibhse rún an baile a ghéilleadh dár naimhde tar éis an áirithe sin laethanta; ní bheidh na laethanta sin istigh nuair a dhéanfaidh an Tiarna beart d'Iosrael tríomsa.

34. Ná fiafraígí díom cad táim chun a dhéanamh; ní inseoidh mé daoibh cad tá ar siúl agam go dtí go mbeidh sé déanta.”

35. “Seo leat faoi shíocháin,” arsa Uizíá agus maoir an bhaile léi, “agus go soirbhí an Tiarna Dia duit an scéim díoltais seo ar ár naimhde.”

36. Ní dúradh a thuilleadh. D'fhágadar an seomra agus abhaile leo go dtí a ngnóthaí féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 8