Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 8:16-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ach ná bígíse ag tabhairt bannaí ar rúin ár nDé, mar ní féidir cur ar Dhia mar a chuirfeá ar dhuine, ná rud a leagan amach dó mar a dhéanfá le mac an duine.

17. Fanaimis mar sin le slánú uaidh, agus iarraimis air cabhrú linn; tabharfaidh sé aird ar ár nguth, más toil leis é.

18. Tar éis an tsaoil, lenár linn-ne agus inniu féin, níl aon treibh ná teaghlach ná sráidbhaile ná cathair dár gcuidne a chuaigh ag adhradh déithe de dhéantús daoine.

19. Dhéantaí a leithéid sin fadó, agus sin a thug an claíomh agus an chreach ar ár sinsir, agus a thug anuas chun raice roimh a naimhde iad.

20. Ach ní aithnímidne aon dia ach eisean; nach dtugann sin dóchas dúinn nach súil dhúnta a thabharfaidh sé orainn ná ar aon duine dár gcine?

21. “Agus rud eile: má ghabhtar sinne, tiocfaidh an scrios céanna ar Iúdáia uile, agus slad ar an Teampall naofa. Sinne a chaithfidh freagairt [lenár bhfuil] as an truailliú sin.

22. Bíodh go mbeimid inár sclábhaithe in áit éigin i gcéin i measc na nginte, orainn a éileoidh Dia éiric ár mbráithre a bheidh marbh, agus ár dtíre a bheidh faoi chois, agus ár n‑oidhreachta a bheidh bánaithe. Núis agus náire a fheicfidh ár máistrí ionainn.

23. Ní aon dea-mhéin a thuillfidh ár sclábhaíocht dúinn mar sin ach an aithis. Sin mar a réiteoidh an Tiarna, ár nDia, é.”

24. “Anois, a dheartháireacha liom, tugaimis dea-shampla don chuid eile, mar is orainne a bhraitheann a mbeo - sea, agus an Teampall naofa, idir áras agus altóir, chomh maith leo.

25. Ar shlí, cuis chun bheith buíoch don Tiarna, ár nDia, is ea ár gcás. Táimid faoi thriail aige anois. Ach nár chuir sé triail ar ár n‑aithreacha chomh maith?

26. Cuimhnigí ar a ndearna sé d'Abrahám agus na trialacha a chuir sé ar Íosác, agus ar tharla do Iacób i Measpatáim na Síre agus é i bhfeighil caorach a uncail, Lábán.

27. Dílse a gcroí a bhí á promhadh aige agus an céasadh sin á chur orthu aige. Mar sin linne: ní díoltas an cruatan seo atá á chur orainn ag an Tiarna, ach ceacht á mhuineadh aige do mhuintir a pháirte.”

28. Uizíá a d'fhreagair í. “As dea-chroí amach a tháinig gach focal dá bhfuil ráite agat,” ar seisean. “Ní fhéadfadh aon duine é a bhréagnú.

29. Ná ní inniu a tháinig an chiall amach ionat; riamh ó laethanta d'óige d'aithníodh an pobal ar fad an tuiscint a bhí agat, agus an croí geal ina theannta.

30. Ach bhí na daoine spallta leis an tart, an dtuigeann tú, agus chuireadar iallach orainn déanamh mar a bhí ráite againn leo, fiú, mionn a thabhairt, mionn nach bhféadfaimid dul siar air anois.

31. Guigh ar ár son, ó tá an chráifeacht ionat. Tá seans go gcuirfidh an Tiarna tuile bháistí chugainn a líonfaidh na sistéil dúinn agus go mbeidh deireadh lenár laigíocht.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 8