Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 7:21-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. agus na sistéil faoi thalamh féin, níorbh fhada go mbeidís folamh. Ní raibh a sáith le hól acu aon lá anois, mar ní thugtaí ach an áirithe sin uisce amach do gach duine.

22. Bhí a gcuid leanaí ag cnaí, agus a gcuid ban agus ógánach ag dul i laige le teann tarta. Thitidís agus iad ag gabháil sráideanna an bhaile nó ag dul amach na geataí, gan aon neart fágtha iontu a thuilleadh.

23. Tháinig muintir an bhaile go léir timpeall ar Uizíá agus na maoir eile - an t‑aos óg agus na mná agus na leanaí féin, agus míle murdar astu ansin os comhair na seanóirí go léir.

24. “Mhaise, go maithe Dia daoibh é,” ar siad, “nach ndéanfadh sibh síocháin leis na hAsaírigh, in ionad an donas a thabhairt anuas orainn!

25. Nach bhfeiceann sibh nach bhfuil aon chabhair fágtha againn agus nach bhfuil Dia féin dár gcosaint anois: táimid caite chucu aige, agus gan i ndán dúinn ach an tart is an t‑angar go mbeimid sínte marbh os a gcomhair.

26. Féach, glaoigí isteach anois láithreach iad agus tugaigí an baile go léir mar chreach do mhuintir Holofarnaes agus dá arm!

27. Sclábhaíocht a bheadh i ndán dúinn, ach b'fhearr titim chucu mar chreach agus bheith beo ná bheith ag féachaint ar ár gclann ag fáil bháis lenár súile cinn, agus ár gcuid ban is naíonán i ndeireadh na dé.

28. Mura ndéantar seo inniu, tá an spéir agus an talamh á nglaoch againn mar fhínnéithe in bhur n‑aghaidh - tá, agus Dia féin, tiarna ár sinsear, atá ag agairt ár bpeacaí agus peacaí ár n‑aithreacha orainn.”

29. Agus scairt an cruinniú sin amach le chéile, ag olagón in ard a gcinn, agus gach béic astu chun an Tiarna Dia.

30. Labhair Uizíá leo. “Misneach, a dhaoine!” ar seisean. “Féach: fanfaimid cúig lá eile agus beidh an Tiarna, ár nDia, chugainn lena chineáltas. Ní chaithfidh sé uaidh ar fad sinn, cinnte.

31. Ach mura mbíonn aon chabhair chugainn i gceann na gcúig lá sin, déanfaidh mé mar a dúirt sibh.”

32. Agus scaoil sé uaidh na daoine, gach duine acu chun a áite féin. Chuaigh na fir in airde ar na múrtha agus na túir, agus chuireadar abhaile chun a dtithe a gcuid ban agus leanaí. Agus is iad a bhí in umar na haimiléise sa bhaile sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 7