Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 6:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'fhan Holofarnaes, ardcheannaire airm na nAsaíreach, gur stad an clampar seo ar fud an chruinnithe. Ansin thug sé d'Aichíór é os comhair na n‑eachtrannach uile agus chlann Mhóáb.

2. “Cé thusa, a Aichíór,” ar seisean, “thú féin agus do chuid amhas ó Amón, go mbeifeá ag tabhairt tairngreachtaí uait anseo an saghas ruda atá cloiste againn inniu? Ní ceart cogadh a chur ar Iosrael, an ea? Beidh a nDia ag fóirithint orthu, deir tú?

3. Ach cén dia a chuirfeá i gcomórtas le Nabúcadnazar? Ní gá dó ach a neart a chur i bhfeidhm orthu chun iad a dhíothú de dhroim an domhain, agus ní shábhálfaidh a nDia iad. Sinne, seirbhísigh Nabúcadnazar, buailfimid iad faoi mar nach mbeadh iontu ach fear aonarach amháin i gcoinne nirt ár gcapall. Ní bheidh seasamh iontu.

4. Loiscfimid ina mbeatha iad: cuirfimid sléibhte na tíre ar meisce lena gcuid fola agus líonfaimid na machairí lena gcoirp. Ní bheidh seasamh a gcos acu romhainn: múchadh na gríosaí atá i ndán dóibh! An rí Nabúcadnazar, tiarna an domhain uile, a dúirt é, agus ní bhréagnófar a fhocal!”

5. “Agus tusa, a Aichíór, a tháinig anseo ó Amón ag tuilleamh do choda, is léanmhar duit an lá a scaoil tú an méid sin seafóide asat. Ní fheicfidh tú mo ghnúis-se as seo go dtí an lá a dhéanfaidh mé díoltas ar an ngraimisc teifeach seo ón Éigipt.

6. Nuair a chuirfidh mé chucu, beidh claimhte mo chuid saighdiúirí agus sleánna mo ghardaí trí do dhá thaobh, agus tú tite i measc a ngoinfear d'Iosrael.

7. Tabharfaidh mo ghiollaí suas sna sléibhte thú, agus cuirfidh siad thú i gceann de na bailte atá ar an tslí suas.

8. Beidh an méid sin faoisimh agat ón mbás go dtí go ndíothófar thú in aon mhaidhm leo.

9. Ach ar ndóigh, tá dóchas i do chroíse nach ngabhfar iad; ní gá aon cheann faoi a bheith ort mar sin! Sea; tá raite agam! Ní bhréagnófar aon fhocal dá ndúirt mé.”

10. Agus d'ordaigh Holofarnaes do na giollaí a bhí thart timpeall air ina bhoth breith ar Aichíór agus é ardú leo go Béitiúilia agus é thabhairt do mhuintir Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 6