“Agus tusa, a Aichíór, a tháinig anseo ó Amón ag tuilleamh do choda, is léanmhar duit an lá a scaoil tú an méid sin seafóide asat. Ní fheicfidh tú mo ghnúis-se as seo go dtí an lá a dhéanfaidh mé díoltas ar an ngraimisc teifeach seo ón Éigipt.