Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 5:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh an scéal chun Holofarnaes, ardcheannasaí airm na nAsaíreach, i dtaobh an ullmhúchán cogaidh seo a bhí ar siúl ag muintir Iosrael - na conairí sléibhe druidte ag gardaí, múrtha cosanta ar bharr na gcnoc agus bábhúin chun ceataí thíos sa réidh.

2. Ní miste á rá go raibh fearg air. Ghlaoigh sé chuige taoisigh Mhóáb agus ceannairí Amón agus rialtóirí an chósta thiar.

3. “Canánaigh sibhse,” ar seisean leo, “agus ba cheart go mbeadh aithne agaibh ar an gcine seo sna cnoic. Abraigí liom: Cén sórt iad? Cad iad na cathracha atá acu? An bhfuil arm mór acu? Nó cad is mó a thugann neart agus crógacht dóibh?

4. Agus canathaobh gurbh iad seo an t‑aon chine san iarthar nach dtiocfadh amach chugam?”

5. Aichíór, taoiseach chlann Amón go léir, a thug freagra air. “A thiarna liom,” ar sé, “murar mhiste dom focal a rá, féadaimse an fhírinne a insint duit faoin gcine seo atá ag cur fúthu sna sléibhte i do chóngar. Ní bheidh focal bréige le cloisteáil ó bhéal do shearbhónta.

6. De phor na gCaildéach a shíolraíodar ar dtús,

7. ach chuireadar fúthu sa Mheaspatáim toisc nach rabhadar sásta leanúint de na déithe a d'adhradh a sinsir i dtír na gCaildéach.

8. Chaitheadar uathu nósanna a n‑aithreacha agus chuadar ag adhradh Dé na spéire, a rabhadar tar éis aithne a chur air. Ní ligfí cónaí mar a raibh na seandéithe á n‑adhradh, agus is ansin a theitheadar go dtí an Mheaspatáim, áit ar thugadar tamall maith ann.

9. Ansin dúirt Dia leo aistriú arís ón áit ina rabhadar ag cur fúthu go dtí Canán, agus chuireadar fúthu ansin agus chruinníodar ór agus airgead agus tréada móra bó.

10. Ach tháinig gorta géar tráth ar fud Chanán, agus dhruideadar leo síos go dtí an Éigipt. D'fhanadar ansin an fad a bhí bia ann dóibh, agus tháinig méadú mór orthu ann, i dtreo go mba chine thar comhaireamh sa deireadh iad.”

11. “Tháinig an lá, áfach, gur iompaigh rí na hÉigipte ina gcoinne, agus bhíothas ag teacht i dtír orthu as sin amach. Cuireadh orthu sclábhaíocht i ndéantús brící, gan an dara rogha acu, agus bhíothas á mbrú síos chun bochtanais agus chun braighdeanais.

12. Screadadar os ard chun an Dé a bhí acu, agus chuir seisean plánna ar an Éigipt uile nach raibh leigheas orthu. Níorbh ionadh ina dhiaidh san gur chuir muintir na hÉigipte chun bóthair as a radharc iad.

13. D'ísligh Dia an Mhuir Rua go grinneall rompú,

14. agus seo leo trí Shíonái agus Cáidéis Bairneá, eisean á dtreorú agus treibheanna an fhásaigh á gcur as seilbh i ndiaidh a chéile acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 5