Ach tháinig gorta géar tráth ar fud Chanán, agus dhruideadar leo síos go dtí an Éigipt. D'fhanadar ansin an fad a bhí bia ann dóibh, agus tháinig méadú mór orthu ann, i dtreo go mba chine thar comhaireamh sa deireadh iad.”