Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 14:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Agus anois, más ea, inis dom céard a rinne tú le roinnt laethanta anuas.” Ansiúd i lár an phobail d'inis Iúidit dó gach rud a rinne sí ón lá a d'fhág sí go dtí an uair a raibh sí ag caint leo.

9. Nuair a bhí deireadh ráite aici, chuir an pobal gáir mhór suas, agus bhain siad macalla áthais as an mbaile.

10. Nuair a chonaic Aichíór a raibh déanta ag Dia Iosrael, chreid sé go daingean i nDia, ghlac le timpeallghearradh, agus ghabh le teaghlach Iosrael go dtí an lá seo féin.

11. Le breacadh an lae chuir siad ceann Holofarnaes ar crochadh leis an mballa. Rug gach fear ar a chuid airm agus amach leo ina mbuíonta faoi bhealaí an tsléibhe.

12. Nuair a chonaic na hAsaírigh iad, chuir siad scéala chun a gceannasaithe, a gceannairí míle, agus a lucht ceannais go léir.

13. Tháinig siad go both Holofarnaes agus dúirt leis an té a bhí bhfeighil a chúraimí go léir: “Dúisigh ár dtiarna; bhí sé de dhánaíocht sna daoir úd teacht anuas chun catha inár gcoinne le go scriosfaí ó thalamh iad!”

14. Chuaigh Bagóas isteach agus bhuail ar dhoras na botha agus é á mheas go raibh Holofarnaes ina chodladh le Iúidit.

15. Ach nuair nár tugadh aon aird air, tharraing sé siar an cuirtín, chuaigh isteach sa seomra leapa agus fuair ansiúd marbh é caite ar an tairseach agus an ceann de agus é sciobtha ar shiúl.

16. Bhéic sé in ard a chinn, agus ghoil, agus chaoin, agus liúigh, agus stróic a chuid éadaigh.

17. Chuaigh sé isteach ansin sa bhoth ina raibh Iúidit ag cur fúithi, agus nuair nach bhfuair sé í rith sé amach chun an tslua ag béiceach:

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 14