Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 14:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Iúidit leo ansin: “Éistigí liom, a bhráithre, agus tógaigí an ceann seo agus cuirigí ar crochadh le forbhalla bhur múrtha é.

2. Le breacadh an lae agus le héirí gréine, tógadh gach duine suas a chuid airm agus gluaiseadh gach fear infheidhme amach as an mbaile; ceapaigí ceann feadhna i gceannas orthu amhail is go mbeadh sibh ar bhur mbealach síos go dtí an machaire in aghaidh urphost na nAsaíreach - ach na déanaigí amhlaidh.

3. Béarfaidh siadsan greim ar a dtrealamh catha, agus imeoidh leo chun an longfoirt, agus glaofaidh siad ar cheannairí arm na hAsaíre; ansin rithfidh siadsan go both Holofarnaes, ach ní bhfaighidh siad ann é. Tiocfaidh scéin orthu ansin, agus teithfidh siad as bhur radharc.

4. Rachaidh sibhse agus an mhuintir go léir ar a bhfuil cónaí i gcríocha Iosrael sa tóir orthu agus leagfaidh sibh ar lár iad agus iad ag teitheadh leo.

5. Ach sula ndéanann sibh na nithe sin go léir, tugaigí Aichíór an tAmónach anseo chugam, agus feiceadh sé agus aithníodh sé an té úd ar bheag leis teaghlach Iosrael agus a sheol chugainn é amhail is dá mba chun a bháis.”

6. Chuir siad fios ar Aichíór dá bhrí sin ó theach Uizíá agus nuair a tháinig sé agus go bhfaca sé ceann Holofarnaes ina láimh ag duine i gcomhthionól an phobail, thit sé ar a bhéal agus ar a fhiacla i bhfantais.

7. Nuair a d'ardaíodar é, chaith sé é féin ag cosa Iúidit, agus chuaigh ar a ghlúine os a comhair á rá: “Go raibh tú beannaithe i ngach both de chuid Iúdá agus i ngach náisiún; an mhuintir a chloisfidh d'ainm, tiocfaidh scanradh orthu.

8. Agus anois, más ea, inis dom céard a rinne tú le roinnt laethanta anuas.” Ansiúd i lár an phobail d'inis Iúidit dó gach rud a rinne sí ón lá a d'fhág sí go dtí an uair a raibh sí ag caint leo.

9. Nuair a bhí deireadh ráite aici, chuir an pobal gáir mhór suas, agus bhain siad macalla áthais as an mbaile.

10. Nuair a chonaic Aichíór a raibh déanta ag Dia Iosrael, chreid sé go daingean i nDia, ghlac le timpeallghearradh, agus ghabh le teaghlach Iosrael go dtí an lá seo féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 14