Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuaigh sé i ndéanaí, bhrostaigh a ghiollaí leo, agus d'iaigh Bagóas an bhoth ó lasmuigh, agus chuir ar shiúl ó láthair a thiarna an mhuintir a bhí timpeall air; chuadar a chodladh mar bhí tuirse orthu go léir tar éis an charbhais a bhí chomh fada sin.

2. Fágadh Iúidit ina haonar sa bhoth, agus Holofarnaes sínte ar a leaba agus é ar deargmheisce le fíon.

3. Dúirt Iúidit lena hionailt fanacht lasmuigh den seomra leapa agus feitheamh nó go dtiocfadh sí amach mar a rinne gach lá; mar a dúirt sí go mbeadh sí ag dul amach le guí a dhéanamh. Bhí an rud céanna ráite aici le Bagóas.

4. D'imigh gach duine amach dá bhrí sin, agus níor fágadh aon duine, beag ná mór, sa seomra leapa. Bhí Iúidit ina seasamh ansiúd cois na leapa agus dúirt sí léi féin ina croí: “A Thiarna, a Dhia uilechumhachtaigh, féach ag an am seo ar bhearta mo lámh chun glóire Iarúsailéim.

5. Anois an uain le teacht i gcabhair ar d'oidhreacht, agus mo sheift a chur i gcrích leis na naimhde atá éirithe amach inár gcoinne a scriosadh.”

6. Ansin chuaigh suas go cearchaill na leapa os cionn cheann Holofarnaes agus thóg anuas a chlaíomh a bhí ar crochadh ansiúd.

7. Dhruid sí lena leaba agus rug ar mhothall a chinn air agus dúirt: “Treisigh liom inniu, a Thiarna, Dia Iosrael.”

8. Bhuail sí faoi dhó i mbaic an mhuiníl é le lán a nirt, agus theasc sí an ceann dá cholainn.

9. Ansin tharraing sé a chorp den leaba agus strac anuas an ceannbhrat dá chuaillí; d'imigh sí amach ansin tar éis tamaill bhig agus thug ceann Holofarnaes dá hionailt,

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 13