Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 1:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach sa réimse sin tíre ba bheag a mbeann ar a ndúirt Nabúcadnazar, rí na nAsaíreach, leo. Níor bhaol go rachaidís chun cogaidh ina theannta, mar ní raibh scáth dá laighead orthu roimhe. Cad a bhí ann ach fear mar chách eile, dúradar, agus chuireadar uathu abhaile a chuid teachtairí, gan de thoradh ar a dturas ach an tarcaisne.

12. Ghabh racht feirge Nabúcadnazar leis an dúiche sin ar fad agus thug sé na mionna móra, chomh cinnte is bhí sé ina rí agus ríchathaoir faoi, dúirt sé, go mbainfeadh sé díoltas amach ar na críocha sin uile, sa tSiléis agus sa Damaisc agus sa tSír, gan duine a dhul beo óna chlaíomh i Móáb ná Amón ná Iúdáia, ná san Éigipt féin síos amach go dtí an dá chósta dhi.

13. Ar aon nós, amach leis i gcoinne Arfacsad lena raibh leis, agus é seacht mbliana déag ina rí an bhliain sin. Rinne sé slad agus eirleach ar arm Arfacsad - eachra agus carbaid agus uile.

14. Ghabh sé gach cathair dá raibh aige, fiú Eacbatana féin, agus níor fhág sé túr ann gan a shárú, ná sráid gan a creachadh, go dtí go raibh an chathair álainn sin ina tranglam briste aige.

15. Tháinig sé suas le hArfacsad féin i sléibhte Ráige; bás an ainmhí a thug sé air le sleánna fiaigh, agus chuir deireadh go deo leis.

16. Abhaile le Nabúcadnazar ansin, é féin agus a raibh tar éis troid ina theannta, slua ollmhór saighdiúirí, agus ligeadar a scíth ar feadh céad lá is fiche, gan imní ná easnamh orthu, an rí agus an t‑arm le chéile.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 1