Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 9:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,chonaic siad solas mór;agus ar mhuintir na tíre gruamatá solas ag lonrú.

2. Chuir tú go mór lena n‑áthas,mheadaigh tú ar a lúcháir;tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.

3. Óir an chuing a bhí anuas orthu,an choirb ar a nguaillí,agus slat an aintiarna,déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.

4. Óir gach coisbheart catha,agus gach fallaing a tumadh san fhuil,tá siad loiscthe,tá siad dóite le tine.

5. Óir rugadh leanbh dúinn,tugadh mac dúinn;tá an tiarnas ar a ghualainn,agus is é ainm atá air:“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.

6. Níl teorainn lena thiarnasná críoch lena shíocháinar chathaoir ríoga Dháivíagus ar a ríogacht,ag cur bun agus taca leo,sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.- Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

7. Caitheann an Tiarna focal le Iacóbagus titeann sé ar Iosrael.

8. Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire,aithníonn siad é.Dúirt siad ina ndíomasagus i sotal a gcroí:

9. “Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha;tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.”

10. Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo,tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 9