1. Cé hé seo chugainn as Eadóm,as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh?É i mborr agus i mbláth faoina chulaith,ag céimniú i mbarr a nirt.- Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta,mise atá in acmhainn slánaithe!
2. - Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort,ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona?
3. - Phasáil mé an chantaoir i m'aonar;duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom.Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm,agus shiúil mé orthu i gcuthach dom;steall súlach a gcroí ar mo chulaithagus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.
4. Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
5. Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.
6. Bhasc mé na ciníocha le cuthach,shatail mé orthu le teann feirge,agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.
7. Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,gach a ndearna an Tiarna ar ár sonagus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,gach ar bhronn sé orthu le barr dáimheagus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
8. Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu
9. ina dtrioblóidí go léir.Ní teachtaire ná aingealach é féin a scaoil saor iad.Le teann grá agus truad'fhuascail sé féin iad;thóg sé suas agus d'iompair iadsna laethanta sin uile anallód.
10. Ach d'éirigh siad amach ina choinneagus chuir brón ar a spiorad naofa.Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibhagus chuir sé cogadh orthu é féin.
11. Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhíagus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse:Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muiriad féin agus tréadaí a thréada?Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;
12. a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidhag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois;a scoilt na huiscí ó chéile rompuchun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;
13. a stiúraigh iad tríd an duibheagánchomh réidh le capall ar an machaire fiáin,
14. gan tuisliú ach oiread le heallachag druidim síos bun gleanna,agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintirchun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.
15. Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,do theasghrá agus do thrócaire chugainn?Ná seas i leataobh uainn