Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 61:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náireagus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann,gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féinagus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.

8. Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceartagus is gráin liom slad agus éagóir.Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis,agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.

9. Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníochaagus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún.Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad gur cine iadatá beannaithe ag an Tiarna.

10. “Gáirim le gairdeas sa Tiarna,tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia.Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phóstanó brídeach á maisiú féin lena seoda.

11. Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamharfíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 61