Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 60:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tá na náisiúin ag triall ar do sholasagus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.

4. Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall:táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort.Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin,d iníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.

5. Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis,beidh do chroí ag borradh ionat le tocht:óir casfar flúirse na farraige i do threo,tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.

6. Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite,scoth chamaill Mhidián agus Éafá,iad siúd go léir ag triall as Seabá,ór agus túis ar iompar acu,agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.

7. Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit;beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá.Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir,cuirfear maise le maise mo Theampaill.

8. Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta,mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró?

9. Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige,agus longa Thairsís ar a gceann,ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéinagus a gcuid óir agus airgid in éindí leo,ar son ainm an Tiarna do Dhiaagus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.

10. Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua,agus a ríthe ag déanamh freastail ort.Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm,is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit.

11. Beidh do gheataí ar leathadh de shíor,de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta,chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníochaagus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.

12. Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad,agus déanfar slad ar thíortha iomlána.

13. Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort,giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile,chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra,agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 60