Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 60:16-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Diúlfaidh tú bainne na gciníocha,diúlfaidh tú saibhreas na ríthe.Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit,gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.

17. In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat;in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead;in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann.Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin,agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.

18. Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó,ar scrios ná ar shlad i do chríocha.Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.

19. Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa láná loinnir ghealaí le teacht na hoíche.Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraíagus do Dhia ina bharr maise ort.

20. Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arísná urú ní thiocfaidh ar do ghealach,óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraíagus cuirfear críoch le laethanta do bhróin.

21. Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréinagus seilbh acu ar an tír go deo,ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna,saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

22. An té is lú díobh déanfar míle de,agus cine láidir as an mbaicle bheag.Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt;in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 60