Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 60:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad,agus déanfar slad ar thíortha iomlána.

13. Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort,giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile,chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra,agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.

14. Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair;sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú.Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort,Síón Neach Naofa Iosrael.

15. In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú,i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha,déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo,cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.

16. Diúlfaidh tú bainne na gciníocha,diúlfaidh tú saibhreas na ríthe.Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit,gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.

17. In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat;in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead;in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann.Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin,agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.

18. Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó,ar scrios ná ar shlad i do chríocha.Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.

19. Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa láná loinnir ghealaí le teacht na hoíche.Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraíagus do Dhia ina bharr maise ort.

20. Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arísná urú ní thiocfaidh ar do ghealach,óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraíagus cuirfear críoch le laethanta do bhróin.

21. Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréinagus seilbh acu ar an tír go deo,ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna,saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.

22. An té is lú díobh déanfar míle de,agus cine láidir as an mbaicle bheag.Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt;in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 60