Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 58:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. An troscadh is áil liom, nach é seo é?dar briathar an Tiarna Dia:Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,an ceangal a bhaint den chuing;an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,an uile chuing a bhriseadh;

7. do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,éadach a chur ar an té a fheiceann tú nochtagus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.

8. Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachanagus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí.Rachaidh d'fhíréantacht romhat amachagus glóir an Tiarna i do dhiaidh.

9. Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort;nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.”Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí,bagairt na méire agus an chaint urchóideach,

10. má thugann tú do chuid aráin don ocrachagus a sháith don duine dearóil,éireoidh do sholas sa dorchadasagus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.

11. Beidh an Tiarna do do threorú de shíoragus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine.Cuirfidh sé smior i do chnámhaagus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce,ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

12. Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársaagus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire.Tabharfar ort fear líonta na bearna,fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.

13. Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi choisagus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe;má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid,agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna;má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air,ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;

14. is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna;cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre.Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair,óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 58