Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 57:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ortgur shéan tú mé,go ndearna tú dearmad ormagus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?Mar sin níl eagla ort romhamsa.

12. Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,agus do ghnóthaí gan rath.

13. Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu,siabfaidh anáil ar shiúl iad.Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.

14. Agus cloisfear glór á rá:Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire

15. Óir is mar seo a deir an Té is airde,a bhfuil a chónaí sa tsíoraíochtagus a bhfuil a ainm naofa:“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle,chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

16. Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féinagus gach dúil bheo dá ndearna mé.

17. Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;

18. chonaic mé féin iad na bealaí céanna.Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;líonfaidh mé le suaimhneas é,é féin agus lucht a chaointe,

19. á dhéanamh sin le briathra mo bheola:Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar!a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 57