Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 56:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.

8. Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.

9. A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí;a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.

10. Ár lucht faire, tá siad ar fad dall,ní léir dóibh dada!Madaí balbha iad go léir,nach féidir leo tafann.Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu,a ndúil sa chodladh.

11. Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh,tréadaithe nach dtuigeann dada.Téann siad go léir a mbealach féin,gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.

12. “Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona;líonfaimid sinn féin le biotáille,agus beidh an lá amárach mar an lá inniu,lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 56