Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 53:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iomparagus ár bpianta, ba iad a thromualach.Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é,gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.

5. Goineadh é as ucht ár gcoireanna,bascadh é as ucht ár gcionta.Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinnagus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.

6. Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán,gach aon ag dul a bhealach féin.Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.

7. Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin,agus níor oscail sé a bhéal.Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas,mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha,níor oscail sé a bhéal.

8. Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é;cé atá buartha faoina chríoch?Sea! Teascadh é as tír na mbeo;as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.

9. Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeachagus tuama i gcuideachta na saibhre,cé nach ndearna sé éagóir ar aon duineagus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal.

10. Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.

11. “Tar éis saothar a anama,feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,á luchtú féin le hualach a gcionta.

12. Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite airagus roinnfidh sé an chreach leis na tréana,cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbásagus gur áiríodh é ar líon na bpeacach,cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aigeagus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 53