Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 5:24-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Mar alpann na lasracha an coinleachagus mar a chailltear an cháith sa tine,is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreoagus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach,as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Sluaagus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.

25. Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobalagus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luímar bheadh dramhaíl sna sráideanna.Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,tá a lámh ag bagairt go fóill.

26. Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin,ligfidh fead air ó imeall an domhain,agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.

27. Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach,ná duine atá ceanntrom ná codlatach;a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acuná iall a chuid cuarán briste.

28. Tá faobhar i gceart ar a shaigheadaagus tá na boghanna uile rite aige;is crua ná scileach crúba a chuid capall,agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.

29. Búirthíl leoin bhaininn atá aige,agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann;ligeann sé glam agus beireann ar a chreach,ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.

30. Beifear ag búiríl ina éadan an lá sinmar bheadh búiríl na farraige ann.Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis,agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 5