Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 5:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Canaim thar ceann mo charaduan a ghrá dá fhíonghort.Bhí fíonghort ag mo charaar chnocán torthúil.

2. Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha,agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann,thóg sé túr faire ina lár,agus thochail cantaoir ann leis.Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh,ach thug sé fiachaora dó.

3. Agus anois, a phobal Iarúsailéimagus a mhuintir Iúdá,tugaigí breithiúnasidir mé féin agus an fíonghort seo liom.

4. Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirtnach bhfuil déanta agam?Bhí mé ag dréim le caora fíona.Cén fáth na fiachaora amháin?

5. Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anoiscad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort:an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,an balla a leagan chun go satlófar air.

6. Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú,agus sceacha agus driseacha ag fás air.Crosfaidh mé ar na néaltaan fhearthainn a fhearadh air.

7. Óir, fíonghort Thiarna na slua,is é teaghlach Iosrael é,agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann.Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart,le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.

8. Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach,agus a chuireann páirc i gcionn páirce,go dtí go dtógann suas an láthair ar fadagus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 5