Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 48:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Mo lámh is í a bhunaigh an talamh,mo dheaslámh a scar amach na spéartha.Ach mé a ghlaoch orthu,éiríonn siad aniar chugam in éineacht.

14. Bailigí go léir le chéile agus éistigí;cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré?“Déanfaidh fear mo pháirte rud ormi gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”

15. Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air,a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.

16. Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo:“Ón tús níor labhair mé libh faoi choim,agus ón am a tharla seo tá mise ann.”- “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh,mar aon lena spiorad.”

17. Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit,is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.

18. Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta!Ar nós abhann is ea a bheadh do shonasagus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!

19. Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliochtagus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní!Choíche go deo ní bheadh d'ainm stoite scriosta os mo chomhair.

20. Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh!Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala;craolaigí é go críocha na talún.Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 48