Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 46:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá.Is mise Dia agus níl m'athrach annis mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!

10. Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann,foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill!Deirim: Déanfar mar a bheartaímagus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.

11. Scairtim ar éan creiche anoir,ar fhear na cinniúna as tír i gcéin.Ní luaithe ráite ná déanta é!Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

12. Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnighagus ar fada libh an bua gan teacht.

13. Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é,ní bheidh moill ar mo shlánú.Deonóidh mé an slánú i Síón,ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 46