Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 44:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé;taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair!Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht?Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!

8. Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh:Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó?Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam,an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin?Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”

9. Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.

10. Cé a dhealbhaíonn dia nó a mhúnlaíonn íomhá gan bheith ag dréim le sochar uaidh?

11. Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.

12. Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air.

13. Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall.

14. Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b'fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é.

15. Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.

16. Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: “Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.”

17. Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”

18. Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.

19. Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 44