21. A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo,cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael.Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom;a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
22. Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néalagus do chionta ar nós scamaill.Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.
23. A spéartha, liúirígí le háthas,mar tá an Tiarna i mbun gnímh.Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún!A shléibhte, ceolaigí le háthas,agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat!Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saoragus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!
24. Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir,an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith:Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud,a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin.Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
25. Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rathagus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill,a sheolann na saoithe ar a gcúil uaimagus a dhéanann seafóid dá stuaim,
26. a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta,a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích.Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!”agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!”agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
27. Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim!triomóidh mé do chuid sruthanna.”
28. Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é!déanfaidh sé mar is rún liom,”ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.”Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”