Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 44:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.

16. Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: “Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.”

17. Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: “Saor mé, óir is tú mo dhia.”

18. Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.

19. Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”

20. An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”

21. A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo,cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael.Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom;a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.

22. Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néalagus do chionta ar nós scamaill.Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 44