Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 42:6-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobalagus i do sholas do na ciníocha,

7. chun súile na ndall a oscailt,chun na cimí a scaoileadh as an gcarcairagus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

8. Mise, arb é an Tiarna is ainm dom,ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eilená m'onóir leis na híola.

9. Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad.Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam;sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.

10. Canaigí don Tiarna amhrán úr!Moladh leis ó cheann ceann na talún!Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann,insí na farraige agus a muintir go léir!

11. Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór,agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar!Tógadh muintir Charraig Sheala liúagus gártha ar mhullach na mbeann!

12. Tugadh siad glóir don Tiarnaagus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!

13. Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann,tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch;cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú,agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.

14. “Le fada riamh bhí mé i mo thost,d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin...Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta,tá cneadach agus saothar anála orm.

15. Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadhagus a nduilliúr ar fad a sheargadh;déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneachaagus triomóidh mé a linnte go léir.

16. Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach móragus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh.Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompuagus cosáin chama ina siúlóid réidh.Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé,ní bheidh dul siar orthu.”

17. Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu,iad siúd a bhfuil a muinín in íola,iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo:“Sibhse ár ndéithe.”

18. Sibhse atá bodhar, éistigí anois!A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!

19. Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é,nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim?Cé atá chomh dall le fear muiníne Dénó chomh bodhar le giolla an Tiarna?

20. Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann,bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!

21. Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta,a reacht a mhóradh agus a onórú.

22. Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh,tá siad go léir sáinnithe i bprochógaagus faoi bhraighdeanas i bpríosúin.Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh,á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

23. An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht?Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?

24. Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóiragus Iosrael do lucht a scriosta?Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidhagus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint,ná éisteacht lena reacht.

25. Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg airagus fíoch an chogaidh.Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó,loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 42