Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 42:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia,an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad,a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann,a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí airagus meanma sa dream a shiúlann é:

6. Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht,rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú,agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobalagus i do sholas do na ciníocha,

7. chun súile na ndall a oscailt,chun na cimí a scaoileadh as an gcarcairagus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

8. Mise, arb é an Tiarna is ainm dom,ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eilená m'onóir leis na híola.

9. Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad.Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam;sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.

10. Canaigí don Tiarna amhrán úr!Moladh leis ó cheann ceann na talún!Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann,insí na farraige agus a muintir go léir!

11. Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór,agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar!Tógadh muintir Charraig Sheala liúagus gártha ar mhullach na mbeann!

12. Tugadh siad glóir don Tiarnaagus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!

13. Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann,tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch;cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú,agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.

14. “Le fada riamh bhí mé i mo thost,d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin...Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta,tá cneadach agus saothar anála orm.

15. Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadhagus a nduilliúr ar fad a sheargadh;déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneachaagus triomóidh mé a linnte go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 42