Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 40:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?

19. Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.

20. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

21. An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?

22. Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.

23. Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.

24. Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.

25. “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.

26. Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na réanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

27. Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib,agus a maíonn tú, a Iosrael:“Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarnaagus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?

28. An ea nach bhfuil fhios agat?An ea nach eol duit é?Dia síoraí is ea an Tiarna,is é a chruthaigh críocha na talún.Ní thagann tuirse air ná traochadhagus níl léamh ar a eagna.

29. Tugann sé neart don té atá tuirseach,cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 40