15. Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
16. Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.
17. Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.
18. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?
19. Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.
20. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.
21. An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?
22. Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
23. Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.
24. Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
25. “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.
26. Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na réanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.