Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 40:10-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,agus a lámh ag smachtú roimhe!Tá a luach saothair leis ina sheilbh,agus a éadáil ag dul roimhe amach.

11. Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn,á n‑iompar ar chlár a uchtaagus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.

12. Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraigeagus a leag amach na spéartha lena réise?a chruinnigh cré na talún i miosúr,a rinne na sléibhte a mheá sna scálaíagus na cnocáin in ainsiléad?

13. Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarnanó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?

14. Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,chun eolas a chur ar bhealach na córach,chun slí na tuisceana a aimsiú?

15. Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.

16. Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.

17. Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.

18. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?

19. Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.

20. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

21. An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?

22. Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne,agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh.Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu,spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.

23. Cuireann sé na huachtaráin ó chrích,agus breithiúna na talún ar neamhní.

24. Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh,ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngasná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirtagus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.

25. “Cé leis a shamhlóidh sibh mé,nó an bhfuil mo leithéid eile ann,” a deir an Neach Naofa.

26. Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí:Cé a chruthaigh na réanna údmurarb é an té a scarann amach in eagar slua iadagus a ghlaonn orthu go léir ina n‑ainm?Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidirnach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.

27. Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib,agus a maíonn tú, a Iosrael:“Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarnaagus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 40