7. D'fhreagair Íseáia: “Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé.
8. Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.
9. Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.
10. Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasaní foláir dom imeacht liomgo geataí Seól síos; is ann a choinneofar méar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
11. Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mói dtír na mbeo,ní fheicfidh mé a thuilleadhaon duine de mhuintir an tsaoil seo.
12. Tá m'áit chónaithe bainte dhíom,tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí;mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat,agus tú ar tí an uige a ghearradh.Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,
13. agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine;tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad,ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.
14. Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach,tá mé ag olagón ar nós colúir;tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard,amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.
15. Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna,ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo;beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé,agus m'anam go goirt ionam istigh.
16. Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta;is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
17. Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
18. Ní thugann Seól moladh duit,ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;an dream a théann síos sa duibheagán,níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.