13. agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine;tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad,ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.
14. Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach,tá mé ag olagón ar nós colúir;tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard,amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.
15. Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna,ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo;beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé,agus m'anam go goirt ionam istigh.
16. Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta;is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
17. Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
18. Ní thugann Seól moladh duit,ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;an dream a théann síos sa duibheagán,níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.
19. An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú,mar a dhéanaim féin inniu.Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.
20. Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil;mar sin seinnfimid ceol molta ar théadalaethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.
21. Dúirt Íseáia: “Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.”
22. Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”