Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 38:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.”

2. D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna:

3. “Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin i d'fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.

4. Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia:

5. “Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.

6. Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.”

7. D'fhreagair Íseáia: “Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé.

8. Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.

9. Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.

10. Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasaní foláir dom imeacht liomgo geataí Seól síos; is ann a choinneofar méar feadh a bhfanann agam de bhlianta.

11. Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mói dtír na mbeo,ní fheicfidh mé a thuilleadhaon duine de mhuintir an tsaoil seo.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 38