Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 34:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Beidh srutháin thír Eadóm arna n‑iompú ina bpicagus a créafóg ina cloch ruibhe;tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin.

10. Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi,tá an toit ag dul suas uaithi de shíor;beidh ina fásach ó ghlúin go glúin,duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.

11. Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog;beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh;sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi,agus leibhéal na foilmhe.

12. Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti];ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó,ní ghairfear ríthe inti feastaagus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.

13. Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas,agus driseacha agus feochadáin ina dúnta;beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta,mar áitreabh ag ulchabháin.

14. Casfaidh cait allta le faolchúnna inti,agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile;is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin,ar lorg suaimhnis di féin.

15. Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha;is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál;is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile,

16. Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí;oiread agus ceann amháin níl in easnamh!Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é,agus a spioradsan a thug le chéile iad,gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.

17. Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige,is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú.Beidh seilbh acu uirthi go deo,beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 34