Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 32:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is é an ceart is bun le ríogacht an ríagus an chóir le flaitheas na bhflatha;

2. is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa,amhail srutháin uisce i dtalamh tirim,amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.

3. Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann,beidh na cluasa a chloiseann ar bior,

4. beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachtaagus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;

5. ní thabharfar uasal feasta ar an amadán,ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.

6. Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidíagus a chroí ag meabhrú an oilc,chun an urchóid a chur i gcrích,chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna,chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamhagus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

7. Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe;bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga,fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;

8. ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta,agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.

9. A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh,éistigí le mo ghlór;a iníonacha na rómhuiníne,tugaigí cluas do mo chaint!

10. I gcionn bliana agus corradhbeidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne,óir meathfaidh barr na fíniúna;fómhar ní bheidh ann ar aon chor.

11. Bígí ar crith, a mhná an tsócúil,bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach;bainigí díbh, nochtaigí sibh féin,fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!

12. Buailigí bhur n‑uchti ndiaidh na dtailte taitneamhacha,i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,

13. i ndiaidh dúiche mo mhuintiremar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás,i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir annsa chathair chaithréimeach.

14. Óir tá an pálás tréigthe,agus torann an bhaile ina thost;beidh cnoc Oifil agus an Port Mórina bpluaiseanna go deo,réimse macnais do na hasail allta,féarach na dtréad.

15. Doirtfear orainn as an nuaan Spiorad ón aird thuas;déanfar gairdín den fhásach ansinagus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.

16. Beidh an ceart ag lonnú san fhásach,agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 32