Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 28:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua,mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;

6. anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais,agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.

7. Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona,tá siad ar seachrán ag an bpóit.Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí,tá mearbhall orthu le fíon;tá siad ar seachrán ag an bpóit,tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht,tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.

8. Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla,oiread agus ball glan amháin níl le fáil.

9. “Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo?Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú?Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne,do leanaí atá á mbaint den chíoch?

10. Níl aige ach:‘Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta,ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta,breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.’ ”

11. Is ea cinnte, is le beola stadacha agus i dteanga eachtrannachatá sé ag dul a labhairt leis an bpobal seo,

12. pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh!Tabhair scíth don duine tuirseach!Is é seo an suaimhneas!”- Ach níorbh áil leo éisteacht.

13. Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo:“Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta,ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta,breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,”sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim,go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.

14. Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta,atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!

15. Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás,agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach.Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart,ní shroichfidh sé fad linne;mar tá dídean faighte againn sa bhréag,agus sa chealg fuaireamar foscadh.”

16. Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo:“Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa,cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn:an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 28