Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 28:15-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Deir sibh: “Tá conradh déanta againn leis an mBás,agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach.Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart,ní shroichfidh sé fad linne;mar tá dídean faighte againn sa bhréag,agus sa chealg fuaireamar foscadh.”

16. Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo:“Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa,cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn:an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.

17. Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agamagus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan.Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leisagus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil”;

18. brisfear bhur gconradh leis an mBás,agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh.Nuair a thagann rabharta an aimhlis,brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;

19. gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh.Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt,tiocfaidh de lá agus d'oíche;agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.

20. Beidh an leaba róghairid le síneadh uirthi,agus an clúdach róchaol chun tú féin a shoipriú ann.

21. Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím;tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeónchun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! -chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!

22. Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht,ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh;óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomláná fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.

23. Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór,bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.

24. An é nach ndéanann an treabhdóir dada seachas treabhadh,seachas an talamh a bhriseadh agus a fhuirseadh?

25. An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige,nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín,agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin,agus an spealt ar an imeall amuigh?

26. An té a mhúineann an riail sin dó,is é a Dhia é atá á theagasc.

27. Agus ar ndóigh, ní bhuailtear an lus mín le carr sleamhnáin,ná coimín le roth cairte;ach buailtear an lus mín le slatagus coimín le súiste.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 28