Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 28:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim,do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair,agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith;is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!

2. Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna,mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach,mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach;agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.

3. Satlófar faoi chosa iad,coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim

4. agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair,in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith.Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh:an té a fheiceann é, stoitheann éagus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.

5. An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua,mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;

6. anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais,agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.

7. Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona,tá siad ar seachrán ag an bpóit.Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí,tá mearbhall orthu le fíon;tá siad ar seachrán ag an bpóit,tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht,tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.

8. Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla,oiread agus ball glan amháin níl le fáil.

9. “Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo?Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú?Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne,do leanaí atá á mbaint den chíoch?

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 28