Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 28:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim,do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair,agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith;is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!

2. Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna,mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach,mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach;agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.

3. Satlófar faoi chosa iad,coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim

4. agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair,in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith.Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh:an té a fheiceann é, stoitheann éagus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.

5. An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua,mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 28