Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 27:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóibagus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca:go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léirmar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear.Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

10. óir tá an chathair dhaingean ina fásach,tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann.Is ann a thagann an tréad ag iníor,is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.

11. Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad;tagann mná agus lasann siad an tine leo.Óir is pobal é seo atá gan tuiscint,mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh;an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.

12. An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadhó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte,agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael.

13. An lá sin, séidfear an stoc móragus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíreagus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte,agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 27