Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 26:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

7. Is díreach bealach an fhíréin,réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

8. Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnastá muid ag fanacht ort, a Thiarna,is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

9. Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche,agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

10. Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,ní fhoghlaimíonn sé ionracas,i dtír na córa, déanann sé urchóid;ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

11. A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;ní fheiceann siad í.Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

12. A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.

13. A Thiarna, a Dhia linn,bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainnach ní aithnímid ach tusa feasta,ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

14. Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís.Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó,mar tá siad smachtaithe scriosta agatagus tá a gcuimhne curtha ar ceal.

15. Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é;tabhair glóir don phobal,cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!

16. A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg;anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 26