Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 26:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,óir is asatsa atá a mhuinín.

4. Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;

5. d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,muintir an dúnfoirt daingin,leagann sé iad, leagann iad ar lár,caitheann sé síos iad sa láib;

6. cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

7. Is díreach bealach an fhíréin,réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

8. Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnastá muid ag fanacht ort, a Thiarna,is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

9. Bíonn m'anam ag dréim leat san oíche,agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.

10. Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,ní fhoghlaimíonn sé ionracas,i dtír na córa, déanann sé urchóid;ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.

11. A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;ní fheiceann siad í.Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

12. A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.

13. A Thiarna, a Dhia linn,bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainnach ní aithnímid ach tusa feasta,ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

Léigh chaibidil críochnaithe Íseáia 26